A mháithrín dhíleas, ó tá sé ag imeacht Is ní ligfidh an náire domh a rá leis fanacht Bhéarfainn sin dó agus oiread eile Gan a dhul a choíche go Contae Shligigh
A mhaithrín dhíleas ó, tabhair mé féin dó Ó tabhair na ba agus na caoirigh go léir dó Imigh féin a dh'iarraidh déirce Is ná tar a' m'fhéachaint aniar ná siar duit
Ó iníon bheag bheadaí, ní thabharfaidh mé dé thú Cha dtabhairim na ba ná na caoirigh go léir dó Sara n-imeoinn féin a dh'iarraidh déirce Don aon mhac bodaigh ar beathaíodh in Éirinn
A ghrá is a ghrá ná tréig do leannán Ná pós bean ghránna mar gheall ar eallach Ná is beag an poll a bhfuígfí in bearach Ó tá muid óg agus dhéanfaidh muid soláthar
Ó tá mo ghrása taobh istigh de gheaftaí Agus lásaí airgid lena hata É ag ól fíon, as cupaí geala Ó's a rí dá bhféadfadh go mbeinn ina aica 1